Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 21:12

An Bíobla Naofa 1981

Agus ar do cheistiú acu: ‘Cad chuige an mhairg?’, freagroidh tú: ‘Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Dá bharr sin tá na lámha uile ar sileadh, agus croí an uile dhuine go fann;

Uailligí a thréadaithe na gcaorach, éimhigí, únfairtigí ar an talamh, a thiarnaí na dtréad, óir tá laethanta bhur n‑eirligh ar láimh, fearacht na reithí is deise, titfidh sibh.

Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna: cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach; beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe; ní dhéanfaidh siad brón níos mó.

Sea, d'iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’

“Lig ochón asat, a mhic an duine; lig ochón cráite agus caoineadh goirt asat ina láthair siúd.

Tháinig briathar an Tiarna chugam:

“A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia. Abair: An claíomh! An claíomh! Tá faobhar agus snas ar an gclaíomh.

socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim.

Tháinig briathar an Tiarna chugam:

Féach ar phrionsaí Iosrael ionat, gach aon duine acu ar a dhícheall ag doirteadh fola.

“A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Caoin: ‘Mairg don lá!’

Seo mar a deir an Tiarna Dia: “Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.

Tá an uile lámh lag, an uile ghlúin fann mar uisce.

Agus iad ag marú leo, agus mise fágtha liom féin, shléacht mé go talamh agus chaoin os ard: “A Thiarna Dia, an scriosfaidh tú iomlán a bhfuil fágtha d'Iosrael sa taom feirge seo i gcoinne Iarúsailéim?”

Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta, agus canaigí caoineadh! Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra! Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach, a fhriothálaithe mo Dhé, mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí díbeartha as teach bhur nDé.

Séidigí an stoc i Síón! Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa! Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre! Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.

Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí