Eizicéil 21:11An Bíobla Naofa 1981“Lig ochón asat, a mhic an duine; lig ochón cráite agus caoineadh goirt asat ina láthair siúd. Féach an chaibidil |
cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.
Agus ar do cheistiú acu: ‘Cad chuige an mhairg?’, freagroidh tú: ‘Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”