Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 20:7

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala Ásá na focail sin agus an fháistine sin (le hÓdaed an fáidh), tháinig misneach chuige agus dhíbir sé na híola gráiniúla ó thír Iúdá agus Bhiniáimin, agus ó na cathracha a ghabh sé in ardáin Eafráim, agus dheisigh sé altóir an Tiarna a sheas os comhair phóirse an Tiarna.

“Chuala,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’ ”

“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.

Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.

Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,

Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte.

Sea, an lá sin caithfidh gach duine uaidh na híola airgid agus na híola óir atá dealbhaithe agaibh le bhur lámha ciontacha.

“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n‑íola agus tréigigí bhur n‑imeachtaí gránna uile.

nach n‑itheann ar na sléibhte, nach dtógann a shúile chun íola mhuintir Iosrael, nach dtruaillíonn bean a chomharsan,

Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?

ní itheann sé ar na sléibhte, ní thógann sé a shúile chun íola mhuintir Iosrael, ní thruaillíonn sé bean a chomharsan, ní théann i ndáil mhná le linn a fola míosúla.

Is mise an Tiarna, bhur nDia. Siúlaigí de réir mo reachtanna agus comhlíonaigí mo dheasghnátha go cúramach.

Ach d'éirigh siad amach i mo choinne agus níor éist siad liom; níor chaith siad uathu na huafáis ar bhain gach duine acu lán na súl astu; níor thréig siad íola na hÉigipte ach oiread. “Shocraigh mé ansin mo dhíbeirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu i lár thír na hÉigipte.

Chuaigh siad le striapachas san Éigipt, chuaigh le striapachas le linn a n‑óige. Rugadh barróg ar a gcíocha ansin agus rinneadh muirniú ar a mbrollaigh mhaighdeanúla.

Rinne sí a striapachas leo - ba iad uile togha na nAsaíreach - agus thruailligh sí í féin le híola cách a ndearna sí suirí leo.

Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.

Beidh mise, an Tiarna, i mo Dhia acu agus beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina thaoiseach orthu. Mise, an Tiarna, a labhair.

Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.

Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.

Ná déanfaidis a n‑íobairtí a ofráil a thuilleadh do na saitirí dá ndearnadar striapachas tráth. Dlí síoraí é seo acu féin agus ag a sliocht ó ghlúin go glúin.

“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Mise an Tiarna bhur nDia.

Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe.

Coisricigí sibh féin dá bhrí sin agus bígí naofa óir is mise an Tiarna bhur nDia.

“Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí