Eizicéil 20:41An Bíobla Naofa 1981Fáilteoidh mé romhaibh amhail roimh bholadh cumhra nuair a thabharfaidh mé sibh as na ciníocha, nuair a chruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh; agus foilseoidh mé mo naofacht ionaibh os comhair na gciníocha. Féach an chaibidil |
“I ndiaidh mórán laethanta cuirfear tionól ort; i ndiaidh na mblianta gluaisfidh tú leat in éadan na tíre seo a tháinig slán ón gcogadh, tír inar bhailigh na daoine óna lán ciníocha ar shléibhte Iosrael a bhí riamh ina bhfásach, agus inar bhailigh siad ó na ciníocha chun cur fúthu tar éis dóibh uile teacht slán ón gclaíomh.