Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 20:4

An Bíobla Naofa 1981

An dtabharfaidh tusa breithiúnas orthu, a mhic an duine? An dtabharfaidh tú breithiúnas orthu? Inis imeachtaí gránna a n‑aithreacha dóibh,

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Agus anois, a phobal Iarúsailéim agus a mhuintir Iúdá, tugaigí breithiúnas idir mé féin agus an fíonghort seo liom.

“Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n‑anó.

Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!

“Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat.

dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.

dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.

“A mhic an duine, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt ar an gcathair dhúnmharfach? Inis a himeachtaí gránna di mar sin.

Dúirt an Tiarna liom: “A mhic an duine, an toil leatsa breithiúnas a thabhairt ar Oholá agus ar Ohoilíbeá agus a n‑imeachtaí gránna a chur ina leith?

Ach daorfaidh na fíréin iad mar bhanadhaltranaigh agus mar bhanmharfóirí, de bhrí gur banadhaltranaigh iad agus go bhfuil fuil ar a lámha.”

An é nach dtuigeann sibh gurb iad na naoimh a thabharfaidh breith ar an domhan? Agus más oraibhse atá breith a thabhairt ar an domhan, an amhlaidh nach bhfuil sibh in ann ceisteanna suaracha a réiteach?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí