Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 20:13

An Bíobla Naofa 1981

Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. “Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.

Féach an chaibidil Cóip

43 Tagairtí Cros  

Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach.

Ná bígí ar aon dul le bhur sinsir, agus bhur ngaolta, nach raibh dílis don Tiarna, Dia a n‑aithreacha, i dtreo go ndearna sé scrios orthu, mar a fheiceann sibh.

Thug mé casaoid do mhaithe Iúdá á rá: “Cad é mar mhí-iompar é seo agaibh ag truailliú lá na sabóide!

Lig dom anois más ea agus lasfaidh m'fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.”

Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”

De bhrí nár thóg sibh ceann d'aon chomhairle do mo chuid, agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,

An té ar beag air an briathar, millfidh sé é féin; ach beidh luach a shaothair ag fear comhlíonta na n‑aitheanta.

Agus clann na n‑eachtrannach chomh maith, a chloígh leis an Tiarna chun fónamh dó, chun grá a thabhairt d'ainm an Tiarna agus chun bheith ina seirbhísigh aige, iad siúd uile a choinníonn an tsabóid gan truailliú agus a chloíonn go docht le mo chonradh,

Ach d'éirigh siad amach ina choinne agus chuir brón ar a spiorad naofa. Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibh agus chuir sé cogadh orthu é féin.

Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird orm; ach lean siad i gcomhairlí a ndrochchroí féin, dhiúltaigh aghaidh a thabhairt orm ach thug liom a gcúl.

Thug mé mo reachtanna dóibh agus thaispeáin mo dheasghnátha dóibh, deasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh.

Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad.

de bhrí gur dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha, nár shiúil siad de réir mo reachtanna, agus gur thruailligh siad mo shabóidí, óir luigh a gcroí lena n‑íola.

Ach d'éirigh an chlann amach i mo choinne; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, níor chomhlíon siad mo dheasghnátha go cúramach a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, thruailligh siad mo shabóidí. “Shocraigh mé ansin mo dhíbheirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu san fhásach.

de bhrí nár chomhlíon siad mo dheasghnátha ach gur dhiúltaigh siad do mo reachtanna agus gur thruailligh siad mo shabóidí agus go raibh lán na súl á bhaint acu as íola a n‑aithreacha.

Dála mar a dhaor mé bhur n‑aithreacha san fhásach i dtír na hÉigipte, daorfaidh mé sibhse mar an gcéanna - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Ach d'éirigh siad amach i mo choinne agus níor éist siad liom; níor chaith siad uathu na huafáis ar bhain gach duine acu lán na súl astu; níor thréig siad íola na hÉigipte ach oiread. “Shocraigh mé ansin mo dhíbeirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu i lár thír na hÉigipte.

Is beag ort mo shanctóirí, truaillíonn tú mo shabóidí.

Tuilleadh fós a rinne siad orm, thruailligh siad mo shanctóir an lá céanna agus mhill siad mo shabóidí.

Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.

má dhiúltaíonn sibh do mo dhlíthe agus más beag oraibh mo reachtanna, agus má bhriseann sibh mo chonradh trí fhaillí a dheanamh i m'aitheanta,

Arna thréigean acusan, coimeádfaidh an talamh a shabóidí agus é bánaithe gan iad. Ach ní foláir dóibh leorghníomh a dhéanamh ina bpeaca, ó ba bheag orthu mo reachtanna agus ba fhuath leo mo dhlíthe.

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iúdá, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna agus nár choinnigh siad a aitheanta, ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad,

an mhuintir seo go léir a chonaic mo ghlóir agus na hiontais a rinne mé san Éigipt agus san fhásach, agus a rinne mé a phromhadh faoi dheich cheana féin gan géilleadh do mo ghlór

Titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo; sea de líon bhur bhfear go léir a áiríodh sa daonáireamh ó aois fiche bliain agus breis, a rinne gearán i m'aghaidh,

“Druid glan amach ón gcomhthionól seo; táim ar tí iad a scrios ar an toirt.” Agus chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla.

Sin iad sleachta chlann Íosácár. Seasca ceathair míle trí chéad fear a líon.

Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: “An té a choimhlíonann í, mairfidh sé inti.”

óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis!

“Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna.

Fiú ag Horaeb, ghriog tú an Tiarna agus bhí an Tiarna i bhfearg leat chomh mór sin go raibh sé ullamh sibh a mhilleadh.

Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.

Gach a ndearnadar ormsa ón lá a thug mé amach as an Éigipt iad go dtí inniu féin - thugadar droim láimhe liomsa agus rinneadar seirbhís do dhéithe eile - tá na nithe sin go léir á ndéanamh acu ortsa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí