Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.”
Déantar saothar ar feadh sé lá; ach ar an seachtú lá, bíodh sabóid naofa, saoire shollúnta agaibh don Tiarna. Aon duine a dhéanann saothar ar bith an lá sin, cuirtear chun báis é.
Is méanar don duine a dhéanann amhlaidh agus do mhac an duine a chloíonn go docht leis: ag coinneáil na sabóide gan truailliú agus á choimeád féin ó gach droch ghníomh.
Ná hiompraígí ualach amach as bhur dtithe lá na sabóide, agus ná déanaigí obair ar bith. Naomhaígí lá na sabóide mar a d'ordaigh mise do bhur n‑aithreacha.
Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna.
Tabharfaidh siad breithiúnas in imreas, breithiúnas a bheidh de réir mo reachtanna; comhlíonfaidh siad mo reachtanna agus mo dheasghnátha ag m'fhéilte cinnte uile. Coinneoidh siad mo shabóidí naofa.
ach ná tagadh sé i ngar don fhial agus ná druideadh sé leis an altóir mar go bhfuil iomard air; ná truaillíodh sé na nithe naofa agam; óir is mise an Tiarna a naomhaigh iad.”
Déanaigí saothar ar feadh sé lá, ach bíodh an seachtú lá ina lánsaoire, ina lá comhthionóil naofa nach ndéanfar saothar ar bith. Cibé ait ina mbíonn cónaí oraibh, sabóid don Tiarna é seo.
Bíodh sé seo ina shabóid saoire shollúnta agaibh, agus déanaigí troscadh. Tráthnóna an naoú lá den mhí, uaidh sin go dtí an tráthnóna dár gcionn, bíodh sé ina shabóid agaibh.”
Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, nuair a bheidh torthaí na talún cnuasaithe agaibh, déanaigí féile an Tiarna a cheiliúradh ar feadh seacht lá. Bíodh an chéad lá agus an t‑ochtú lá ina lánsaoire.
Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.
Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.
Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d'Íosa Críost.