Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 2:9

An Bíobla Naofa 1981

Agus ar dhearcadh uaim, féach, bhí lámh ansin ag síneadh i mo threo agus scrolla inti.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: “Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal. Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,

“Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.

Chuir Irimia fios ar Bharúch mac Néiria, agus scríobh Barúch, ó bhéal Irimia, gach briathar a labhair an Tiarna leis.

“A mhic an duine” ar sé, “ith mar a thairgtear duit, caith siar an scrolla seo agus imigh agus labhair le muintir Iosrael.”

Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.

D'ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach scrolla ag eitilt.

Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse.

Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhia chun do thoil a dhéanamh,’ faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí