Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic. Éirigh agus abair leo gach a n‑ordaímse duit. Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise, ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.
Ach dúirt an Tiarna liom: “Ná habair, ‘Is leanbh mé.’ Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú, agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.
Abair leo: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a ríthe Iúdá, agus sibhse pobal uile Iúdá freisin, agus sibhse, cathróirí uile Iarúsailéim, a théann na geataí seo isteach.
“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn.
“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.
D'aontaigh na feidhmeannaigh ansin Iahúidí mac Natainiá agus Sealaimiá mac Chúisi a chur go Barúch á rá: “Tar, agus beir leat an scrolla a léigh tú in éisteacht an phobail.” Thóg Barúch mac Néiria an scrolla mar sin agus tháinig chucu.
“A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad.
“Dá bhrí sin, a mhic an duine, labhair le muintir Iosrael. Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mhaslaigh bhur n‑aithreacha mé sa rud seo arís trí fheall a imirt orm.
“A mhic an duine, tá tusa ceaptha agam mar gharda do mhuintir Iosrael; aon uair a chluineann tú focal uaimse cuir ar a bhfaichill iad thar mo cheannsa.
Dúirt an fear liom: “A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d'intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.”