Ar a chloisteáil d'Eilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: “Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.”
Chuir an rí Iahúidí faoi dhéin an scrolla agus rug seisean leis é as seomra Eilíseámá an rúnaí, agus léigh amach don rí é agus do na feidhmeannaigh uile agus iad ina seasamh timpeall an rí.
[D'fhreagair Irimia: “A fhuíoll Iúdá, deir an Tiarna féin libh: ‘Ná téigí don Éigipt.’ Bíodh a fhios seo agaibh go maith: Thug mise rabhadh sollúnta daoibh inniu féin.
“Abair leis an dream ceannairceach sin: ‘Nach dtuigeann sibh cad is ciall leis na nithe seo?’ Inis dóibh: Féach, tháinig rí na Bablóine go Iarúsailéim; ghabh sé an rí agus na prionsaí agus thug leis iad chun na Bablóine.
Más amhlaidh, áfach, go dtabharfaidh tú rabhadh don drochdhuine agus nach dtréigfidh sé a mhí-iompar ná a dhrochimeachtaí, caillfear é de bharr a pheaca; ach slánóidh tusa do bheatha féin.
Tabharfaidh mé ar do theanga greamú de do charball, ionas go mbeidh tú balbh agus gan cumas agat iad a chur ar a bhfaichill, mar is ceannairceach an dream iad.
Ach nuair a labhróidh mé leat osclóidh mé do bhéal agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna Dia.’ An duine a bhfuil fonn éisteachta air éisteadh sé, agus an duine nach bhfuil ná héisteadh sé, mar is ceannairceach an dream iad.”
Ach má thugann tú rabhadh don drochdhuine iompú óna aimhleas agus nach n‑iompaíonn sé, gheobhaidh sé bás de bharr a pheaca ach tabharfaidh tusa do bheatha slán.
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.