Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.
Tháinig spiorad an Tiarna anuas orm agus dúirt sé liom: “Abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Sin mar a mheasann sibh, a mhuintir Iosrael, mar tá fios bhur smaointe agamsa.
Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.