Ghabh siad i gcarcair é le crúcaí agus rug leo é go rí na Bablóine; chuir siad i mbraighdeanas é ionas nach gcluinfí a ghlór arís ar shléibhte Iosrael.’
De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne, agus gur chuala mo chluas uaill d'uabhair, cuirfidh mé m'fháinne ar do shrón, agus mo bhéalbhach i do bhéal, agus cuirfidh mé d'iallach ort filleadh ar ais ar an mbóthar ar ar tháinig tú.
Chuir Forann Neaco i gcuibhreacha é ag Ribleá i ndúiche Hamát (agus é ina rí in Iarúsailéim) agus chuir cáin céad tallann airgid agus tallann óir ar an tír.
Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine.
Níor neartaigh sibh an t‑easlán, níor leigheas an chaora thinn, níor cheangail sibh an bacach, níor thug ar ais an seachránaí, níor chuardaigh sibh an ceann a bhí caillte. Ba le láimh laidir throm a rialaigh sibh iad.