Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 19:6

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon, d'fhás ina leon óg, d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach agus thosaigh ag alpadh fear.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Rinne sé an t olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a athair roimhe.

Bhí Iachóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim i Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna a Dhia.

Bhí Iahóiácaín ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí bliana agus deich lá i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíte agus ábhar a dóchais caillte, ghlac sí coileán eile dá cuid agus thóg ina leon óg é.

Scrios sé a gcaisleáin agus bhánaigh a gcathracha; scanraigh an tír agus a raibh inti ag callán a bhúiríola.

Níor neartaigh sibh an t‑easlán, níor leigheas an chaora thinn, níor cheangail sibh an bacach, níor thug ar ais an seachránaí, níor chuardaigh sibh an ceann a bhí caillte. Ba le láimh laidir throm a rialaigh sibh iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí