Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 19:5

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíte agus ábhar a dóchais caillte, ghlac sí coileán eile dá cuid agus thóg ina leon óg é.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?

Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.

Thóg sí coileán acu agus d'fhás sé ina leon óg; d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach, agus thosaigh ag alpadh fear.

Thóg na ciníocha an gháir ina choinne, gabhadh ina bpoll é; agus thug siad le crucaí go tír na hÉigipte é.

Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon, d'fhás ina leon óg, d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach agus thosaigh ag alpadh fear.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí