Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 19:4

An Bíobla Naofa 1981

Thóg na ciníocha an gháir ina choinne, gabhadh ina bpoll é; agus thug siad le crucaí go tír na hÉigipte é.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Bhí Iahóácház trí bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim. Hamaútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.

Ansin rinne rí na hÉigipte rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim d'Eiliácaím, deartháir Iahóácház, agus d'athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug Neaco a dheartháir Iahóácház leis agus thug go dtí an Éigipt é.

Rinne Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ionsaí air, chuir geimhleacha air, agus thug leis go dtí an Bhablóin é.

Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’

Thóg sí coileán acu agus d'fhás sé ina leon óg; d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach, agus thosaigh ag alpadh fear.

Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíte agus ábhar a dóchais caillte, ghlac sí coileán eile dá cuid agus thóg ina leon óg é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí