Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 19:14

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh tine amach ón tamhan, a dhóigh idir ghéaga agus thoradh; tá deireadh leis an gcraobh láidir, deireadh leis an tslat ríoga.’ ” Is tuireamh é sin agus glactar leis amhlaidh.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.

Tharla sin in Iarúsailéim agus in Iúdá de bharr fhearg an Tiarna i dtreo gur chaith sé i leataobh óna láthair iad ar deireadh. Rinne Zidicíá ceannairc in aghaidh rí na Bablóine.

Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.

Na ríthe a cheap tú os ár gcionn de bharr ar bpeacaí, Is ar mhaithe leo a thugann an tír a thorthaí méithe uaidh. Is acusan freisin atá cumas ar ár gcorp agus ar ár n‑eallach. Nach orainn atá an leatrom géar.”

Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta as Síón amach. Bí ag rialú i measc do naimhde.

Óir is amhlaidh a d'alp siad Iacób; agus rinne siad a áras cónaithe a scriosadh.

Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”

Is trí fhearg an Tiarna a tharla sé seo in Iarúsailéim agus in Iúdá, gur theilg sé uaidh iad faoi dheireadh. D'éirigh Zidicíá amach in aghaidh rí na Bablóine.

Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é, gabhadh ina bpollghaiste é, an té a ndúramar faoi: “Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.”

Féach ansin é! á chaitheamh ar an tine mar chonnadh. Dónn an tine dhá cheann; deargann an lár ina aibhleog; An bhfuil maith ar bith ann a thuilleadh?

Tá sí curtha ansin; an mbeidh an rath uirthi? Nach seargfaidh sí nuair a shéideann an ghaoth anoir uirthi? Nach bhfeofaidh sí san ithir inar fhás?”

“Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael.

D'fhás an ghéag ba láidre ina slat ríoga; d'fhás sí go han-ard os cionn na dtiúchraobhacha. Ba shofheicthe í ar a hairde agus ar mhothall a duilliúir.

Tógfaidh siad olagón ar do shon agus déarfaidh leat: ‘Níl rian díot fágtha ar na farraigí, a chathair iomráiteach, a bhí láidir tráth ar an bhfarraige, tú féin agus d'áitritheoirí a raibh an tír mhór uile scanraithe agaibh.

Go deimhin déarfaidh siad ansin: “Níl aon rí againn (mar ní eagal linn an Tiarna).” Ach cad d'fhéadfadh rí a dhéanamh ar ár son?

Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.

“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,

Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,

Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D'fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.”

Ach dúirt an dris leis na crainn: ‘Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin, Tagaigí ar scáth mo ghéag; É sin nó tagadh tine as an dris Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí