Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 18:9

An Bíobla Naofa 1981

siúlann sé de réir mo reachtanna agus comhlíonann mo dheasghnátha go cúramach. Tá a leithéid fíréanta dáiríre agus mairfidh sé go deimhin. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

37 Tagairtí Cros  

Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,

Lonnaíonn an bheatha ar chosán na córa; ach treoraíonn slí na hearráide chun an bháis.

agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.’ ”

“Ach má ghineann sé bithiúnach fuilteach de mhac

a staonann ón olc, nach dtugann uaidh ar úsaireacht agus nach nglacann brabús, a chomhlíonann mo dheasghnátha agus a shiúlann de réir mo reachtanna; ní éagfaidh seisean de bharr peacaí a athar, ach mairfidh sé go deimhin.

“Deir sibh: ‘Cad chuige nach n‑iompraíonn an mac peacaí an athar?’ Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras.

Thug mé mo reachtanna dóibh agus thaispeáin mo dheasghnátha dóibh, deasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh.

Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. “Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.

má thugann an peacach ar ais an geall fiach, má thugann uaidh ar shlad sé, má chloíonn sé le reachtanna na beatha, ag seachaint an pheaca; mairfidh sé go deimhín, ní éagfaidh sé.

Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus tabharfaidh oraibh siúl de réir mo reachtanna agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go beacht.

Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht.

Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.

Iarraigí an mhaith in áit an oilc, ionas go mairfidh sibh, agus go mbeidh an Tiarna, Dia na Slua, libh dáiríre mar a mhaíonn sibh atá sé.

Ach go rithe an fhíréantacht mar uisce agus an t‑ionracas mar shruth gan dísc!

Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú;

Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”

Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.

An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m'Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”

Déanaim mo dhícheall sa ghnó seo ar choinsias glan a bheith agam i gcónaí i bhfianaise Dé agus daoine.

mar is ann atá fíréantacht Dé á foilsiú ó chreideamh go creideamh, de réir mar atá scríofa: “Ar chreideamh is ea a mhairfidh an fíréan.”

Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost,

“Bíodh grá agat dá bhrí sin don Tiarna do Dhia; coimeád a threoracha, a dhlíthe, a reachtanna agus a aitheanta i gcónaí.

“Anois, más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, á thabhairt daoibh.

Thionóil Maois Iosrael go léir chuige agus dúirt leo: “A Iosrael, éist leis na dlíthe agus leis na reachtanna a labhraím in bhur gcomhchlos inniu. Foghlaimígí iad agus comhlíonaigí iad le barr cúraim.

Sé is fíréantacht dúinn: na haitheanta seo uile a chomhlíonadh os comhair an Tiarna ár nDia faoi mar a d'aithin sé dúinn.’

Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht.

A chlann liom, ná cuireadh éinne amú sibh. An té a shaothraíonn an fhíréantacht, is fíréan é amhail is fíréan eisean.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí