Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 18:25

An Bíobla Naofa 1981

“Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

“Ach deir do phobal: ‘Tá an Tiarna ag déanamh éagóra’; nuair is iad féin a dhéanann an éagóir.

Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”

Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir; ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh. Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas; le lonradh an lae ní loiceann sé riamh. Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.

Deir sibhse, áfach: ‘Tá an Tiarna ag déanamh éagóra’; ach roinnfidh mé le gach duine agaibh de réir a bhealaí, a mhuintir Iosrael.”

Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?

Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”

Ach deir muintir Iosrael: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ A mhuintir Iosrael, nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?

Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d'fhíréantacht Dé.

Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”

Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.

Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? i dtéarmaí an duine atáim ag caint.

Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir.

Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost? An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é? Táim do do cheartú agus do do chúisiú.

Foilsíonn na flaithis a fhíréantacht óir is é Dia é féin is breitheamh.

An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?

An dóigh leat gur chóir duit A rá: “Táimse fíréanta i láthair Dé”?

Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart.

Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar, mar is fíréan iad a bhealaí go léir. Dia dílis é gan éagoir; eisean an Chóir féin agus an Ceart.

Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige.

A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal.

A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí