Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 18:12

An Bíobla Naofa 1981

a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n‑íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige,

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

“Ós rud go ndearna Manaise rí Iúdá na coireanna gráiniúla seo agus go ndearna sé nithe níos gráiniúla ná gach a ndearna na hAmóraigh a bhí roimhe, agus gur thug sé ar Iúdá féin peaca a dhéanamh lena chuid íol,

Thruailligh an rí na hardionaid os comhair Iarúsailéim laisteas do Chnoc na nOlóg; Solamh rí Iosrael a thóg iadsan do Aisteartae, gráiniúlacht na Síodónach, do Chamóis gráiniúlacht Mhóáb, agus do Mhiolcom gráiniúlacht na nAmónach.

Tá an Tiarna ag daoradh seanóirí agus prionsaí a phobail. “Is sibhse a chreachann an fíonghort agus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe.

Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”

Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo.

Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.

nach n‑imríonn éagóir ar aon duine, nach n‑éilíonn geall, nach ngoideann; ach a thugann arán don ocrach agus éadaí don nocht,

“Tá go maith, abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Itheann sibh feoil a bhfuil fuil inti, tógann sibh bhur súile chun bhur n‑íol, agus doirteann sibh fuil; an síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?

“Déan slabhra duit féin; óir tá an tír lán de choireanna fuilteacha agus an chathair lán d'fhoréigean.

Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d'imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón.

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”

Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile; ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart, agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.

Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil.

Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”

Ná déanaigí foréigean ar an mbaintreach ná ar an dílleachta, ar an gcoimhthíoch ná ar an mbochtán; ná bíodh aon duine agaibh ag meabhrú oilc ina chroí in aghaidh a bhráthar.’ ”

Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí