Eizicéil 17:9An Bíobla Naofa 1981Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An mbeidh an rath uirthi seo? Nach mbrisfidh an t‑iolar na fréamhacha agus na torthaí a ropadh leis, ionas go bhfeofaidh an duilliúr úr nuair a phéacfaidh sé? Ní bheidh gá le neart ná le slua lena tarraingt aníos ó na fréamhacha. Féach an chaibidil |
D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”