Bhí iolar mór [eile] ann, mórsciathánach, dlúthchlúmhach. Féach, chlaon an fhíniúin a fréamhacha ina threo, agus scaoil a géaga ina threo, amach ón gceapach inar síoladh í, ionas go n‑uisceodh sé í.
Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An mbeidh an rath uirthi seo? Nach mbrisfidh an t‑iolar na fréamhacha agus na torthaí a ropadh leis, ionas go bhfeofaidh an duilliúr úr nuair a phéacfaidh sé? Ní bheidh gá le neart ná le slua lena tarraingt aníos ó na fréamhacha.
Chothaigh na huiscí é, thug an duibheagán air fás go hard, trína aibhneacha a chur ag sní thar láthair a fhréamhaithe, a shrutháin chun crainn uile na foraoise.