Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 17:21

An Bíobla Naofa 1981

Titfidh togha a shlua leis an gclaíomh agus scaipfear an t‑iarmhar le gach gaoth; agus aithneoidh tú gur mise, an Tiarna, a labhair.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.

Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas leis ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é.

A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

An té a theitheann ón scéin, titfidh sé isteach sa pholl; ag dreapadh aníos as an bpoll dó tógfar sa ghaiste é. Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóáb i mbliain a chuardaithe - an Tiarna a labhraíonn.

Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas le Zidicíá ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é.

Agus cách dá bhfuil thart air idir chúntóirí agus thrúpaí, scaipfidh mé iad le gach gaoth agus nochtfaidh mé claíomh ina ndiaidh.

Scriosfaidh mé an balla a dhathaigh sibh le haol agus teilgfidh mé go talamh é, ionas go bhfágfar a bunsraith nocht. Titfidh sé agus caillfear sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

dá bhrí sin uile, ní fheicfidh sibh níos mó na físeanna baotha, ní dhéanfaidh sibh fáistine; fuasclóidh mé mo phobal as bhur lámha. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.”

Iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne, agus cé go n‑éalóidh siad ón tine slogfaidh sí beo iad fós. Tuigfidh tú gur mise an Tiarna nuair a iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne,

Dá bhrí sin íosfaidh bhur n‑aithreacha a mic in bhur measc agus bhur mic a n‑aithreacha; cuirfidh mé breithiúnas i bhfeidhm oraibh agus scaipfidh mé an t‑iarmhar i dtreo na n‑uile ghaoth.

Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.

“Mar seo a scaoilfidh mé le mo fhearg agus a ídeoidh mo chuthach orthu. Agus nuair a bheidh mo chuthach ídithe orthu tuigfidh siad ansin gur mise, an Tiarna, a labhair le barr éada.

Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.

Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t‑olc seo orthu.”

Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra. Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha. Dúirt sé: “Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir; maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh, ní éalóidh aon duine, ní thiocfaidh aon duine slán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí