Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 16:8

An Bíobla Naofa 1981

Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

“Mhionnaigh mé dar mise féin - focail an Tiarna iad seo - ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac féin, dom,

Tháinig scéin agus scanradh orthu; mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche; go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna; go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.

Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”

Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: “Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.

Mar is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort. Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad, agus ciníocha in éiric d'anama.

Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin: ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.

ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.

“Ar ghabháil tharat dom agus tú a fheiceáil i do chróluí féin, dúirt mé leat agus an fhuil umat: ‘Mair,

Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó, agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt.

Cúiteoidh mé léi na féilte, ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaím agus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád, chun dul ar thóir a leannán, agus mise dearmadta aici ar fad! - an Tiarna a labhraíonn.

Óir rinne a máthair striapachas; an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin. “Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise, “a thugann dom m'arán agus m'uisce, m'olann agus mo líon, m'ola agus mo chuid dí.”

“Tá grá agam daoibh,” a deir an Tiarna; ach deir sibhse: “Conas a ghráíonn tú sinn?” “Nach é Éasau deartháir Iacóib?” a deir an Tiarna. “Mar sin féin, tá grá agam do Iacób;

Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.

Óir is Dia trócaireach an Tiarna do Dhia; ní thréigfidh sé thú, ná thú a scrios, ná ní dhéanfaidh dearmad ar an gconradh a rinne sé le bhur n‑aithreacha faoi bhrí na mionn.

Dúirt sé léi: “Cé hí thú féin?” D'fhreagair sí: “Mise Rút do bhanseirbhíseach. Leath beann do bhrait ar do bhanseirbhíseach, óir tá ceart fuascailte agat orm.”

Óir ní chaithfidh an Tiarna a phobal i leataobh ar son a ainm éachtaigh, mar ba é toil an Tiarna a phobal féin a dhéanamh díbh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí