Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.
Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: “Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.” Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.
Níor dhearc aon duine ort le trua duit, le haon ghníomh trócaire díobh seo a dhéanamh duit; teilgeadh amach thú ar an mblár folamh i d'ábhar déistine an lá a rugadh thú.
agus fás amhail féar na páirce.’ D'fhás tú, mhéadaigh agus tháinig ann duit; bhí do chíocha cumtha agus do ghruaig fásta, ach bhí tú lom tarnocht go fóill.
Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.
“Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.
Amen, Amen, a deirim libh, tá an uair ag teacht - tá sí ann cheana - nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.
Tá drochíde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa - tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé á bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’
Ní hea ar chor ar bith, mar féach cad a dúirt sé le Maois: “Déanfaidh mé trócaire ar mo rogha duine agus déanfaidh mé trua don duine is rogha liom chomh maith.”
Ná habair i do chroí tar éis don Tiarna do Dhia iad a dhíbirt romhat: ‘Is de bharr mo fhíréantachta féin a chuir an Tiarna i seilbh na tíre seo mé,’ tráth is gur de bharr a gcoirpeachta atá an Tiarna ag díbirt na gciníocha sin romhat.
Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?