Do dheirfiúracha, Sodom agus a hiníonacha, fillfidh siad ar a ndúchas; tú féin agus d'iníonacha fillfidh sibhse ar bhur ndúchas.
“Tabharfaidh mé ar ais chucu féin Sodom agus a hiníonacha, agus an tSamáir agus a hiníonacha. Tabharfaidh mé tusa ar ais chugat féin i lár báire,
ionas go bhfulaingeoidh tú d'ísliú céime, go mbeidh náire ort as a ndearna tú agus go mbeidh tú i do shólás acusan.
Nach raibh Sodom do dheirfiúr ina hábhar seanchais agat lá do dhíomais
Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.
Ansin, beidh íobairt Iúdá agus Iarúsailéim taitneamhach leis an Tiarna faoi mar a bhí sí anallód, na blianta fada ó shin.