Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 16:44

An Bíobla Naofa 1981

“Lucht seanfhocla a chur trí chéile inseoidh siad an seanfhocal seo fútsa: Ba dual máthar di.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala Acháb go raibh Nábót marbh, d'éirigh sé le dul síos chuig fíonghort Nábot ó Izréil le seilbh a ghlacadh air.

D'ofrálaidís íobairtí túise (ar na hardionaid go léir) mar a dhéanadh na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna rompu. Rinneadar gníomhartha coiriúla agus ghriogadar an Tiarna chun feirge.

Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.

Ach níor éist siad agus mheall Manaise iad le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.

Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -

“A mhic an duine, cad é an seanfhocal úd atá agaibh i dtír Iosrael a deir: ‘Éiríonn na laethanta fada agus tagann deireadh le gach fís’?

Abair leo, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuirfidh mise deireadh leis an seanfhocal seo agus ní bhainfidh siad feidhm as mar sheanfhocal níos mó in Iosrael.’ Ach abair leo: ‘Tá na laethanta ar láimh agus cuirfear gach fís i gcrích.

Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia le Iarúsailéim: Is de thír na gCanánach do bhunadh agus do bhreith; ba Amórach d'athair agus Hiteach do mháthair.

Is fíoriníon le do mháthair thú, léisean a thug fuath dá céile agus dá clann; agus is deirfiúr le do [dheirfiúracha] thú, leosan a thug fuath dá gcéilí agus dá gclanna. Ba Hiteach do mháthair agus Amórach d'athair.

Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí