Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 16:42

An Bíobla Naofa 1981

Ídeoidh mé mo chuthach ort agus imeoidh m'éad uait; ciúnóidh mé agus ní bheidh fearg orm arís.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Agus rinne siad cnámha Shóil, agus cnámha a mhic Iónátán [agus cnámha na muintire a crochadh], a chur i gcríocha Bhiniáimin i Zéalá, i dtuama a athar, Cís. Rinne siad gach ar ordaigh an rí, agus ansin thug Dia cluas dá n‑achainíocha ar son na tíre.

Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ansin d'éist an Tiarna leis na hachainíocha ar son na tíre agus casadh an phlá ar shiúl ó Iosrael.

Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua, Neach Láidir Iosrael: “Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic, bainfidh mé sásamh as mo naimhde.

Lig uaill agus olagón asat, a mhic an duine. Tá sé i ndán do mo phobal, do phrionsaí uile Iosrael mar aon le mo phobal, atá tugtha suas don chlaíomh. Buail do cheathrú dá bhrí sin,

Ní iompóidh mé m'aghaidh uathu arís nuair a dhoirtfidh mé mo spiorad amach ar mhuintir Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.

“Mar seo a scaoilfidh mé le mo fhearg agus a ídeoidh mo chuthach orthu. Agus nuair a bheidh mo chuthach ídithe orthu tuigfidh siad ansin gur mise, an Tiarna, a labhair le barr éada.

Ghlaoigh sé ormsa ansin agus labhair sé liom mar a leanas: “Féach,” ar seisean, “na cinn atá ag dul i dtreo an tuaiscirt tabharfaidh siad ar spiorad [an Tiarna] tuirling ar an tuaisceart.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí