Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 16:41

An Bíobla Naofa 1981

Dófaidh siad do thithe agus daorfaidh siad thú os comhair na sluaite ban; tabharfaidh mé ort éirí as an striapachas agus as fostú na leannán a thuilleadh.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.

Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta, Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.

agus caithfear síos na déithe bréige go léir.

Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh

Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.

Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.

Tiomáinfidh mé amach sibh, tabharfaidh mé suas do na coimhthígh sibh, agus gearrfaidh mé pionós oraibh.

Tugtar bronntanais don striapach. Ach is tusa a thugann na bronntanais do d'aos grá uile; fostaíonn tú iad don striapachas ó gach uile aird.

D'fhág siadsan í tarnocht, ghabh siad a mic agus a hiníonacha, mharaigh siad ise leis an gclaíomh; agus d'imigh a míchlú i mbéal na mban nuair a cuireadh an breithiúnas uirthi i gcrích.

Mar sin a thabharfaidh mé ort éirí as an ngraostacht agus an striapachas a thug tú leat ó thír na hÉigipte. Ní fhéachfaidh tú le bá i dtreo na nÉigipteach, ní chuimhneoidh tú orthu níos mó.

Mar sin a choscfaidh mé graostacht sa tír, ionas go nglacfaidh an uile bhean chuici féin an rabhadh gan déanamh de réir bhur ngraostachta-sa.

Ní thruailleoidh siad iad féin a thuilleadh lena n‑íola agus a nithe gránna ná le haon chuid dá bpeacaí. Fuasclóidh mé iad ó na bearta fill ina raibh siad ciontach, agus glanfaidh mé iad. Beidh siadsan mar phobal agamsa agus beidh mise mar Dhia acusan.

Beidh sibh in bhur n‑ábhar náire agus dímheasa, beidh sibh in bhur bhfógra uafáis do na ciníocha máguaird, nuair a ghearrfaidh mé pionóis fhíochmhara oraibh le teann feirge agus cuthaigh. Mise, an Tiarna, a labhair.

uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise anuas oraibh agus daorfaidh mé sibh os comhair na gciníocha.

Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.

“Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n‑íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.

Cluinfidh Iosrael go léir trácht air, agus beidh eagla orthu, agus go brách arís ní dhéanfaidh siad a leithéid de choirpeacht in bhur measc.

Cruinnigh a maoin go léir ar lár a plásóige poiblí agus loisc le tine an chathair agus a héadáil ar fad, á hofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna do Dhia; fágtar í ina leachtán go brách, gan atógáil go deo.

ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.

beirigí iad araon libh amach go geata na cathrach sin agus cuirigí chun báis de chlocha iad - an bhean óg mar nár liúigh sí ag lorg cabhrach agus í sa chathair, agus an fear mar gur thruailligh sé bean a chomharsan. Ní foláir duit an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.

Déan lucht an mhí-iompair a cheartú go poiblí, áfach, d'fhonn an chuid eile acu a scanrú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí