Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 16:32

An Bíobla Naofa 1981

Fáiltíonn banadhaltrach roimh choimhthígh in áit a céile féin.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Óir níl m'fhear céile sa bhaile, ach é imithe ar aistear fada.

Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga, go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart. Ach dúirt tú: ‘Nach cuma? Óir táim i ngrá le strainséirí agus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.’

Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin? Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha! Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe; ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.

Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: “Má scarann fear lena bhean agus go n‑imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.

Ach fearacht bean a imíonn go fealltach óna leannán d'fheall teach Iosrael ormsa - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”

ag tógáil d'ardáin ag ceann gach sráide agus d'ardionaid ag gach crosbhóthar? Ach murab ionann agus striapach ní ghlacfá airgead.

Tugtar bronntanais don striapach. Ach is tusa a thugann na bronntanais do d'aos grá uile; fostaíonn tú iad don striapachas ó gach uile aird.

Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.

Óir rinne siad adhaltranas, tá fuil ar a lámha, rinne siad adhaltranas lena n‑íola. Na páistí a rug siad domsa rinne siad íobairtí dóite dá n‑íola díobh.

Ach daorfaidh na fíréin iad mar bhanadhaltranaigh agus mar bhanmharfóirí, de bhrí gur banadhaltranaigh iad agus go bhfuil fuil ar a lámha.”

Baileofar clann Iúdá agus clann Iosrael le chéile agus ceapfaidh siad aon cheann urra amháin dóibh féin agus tiocfaidh siad i seilbh na tíre arís, óir is lá mór a bheidh ann lá Izréil.

“Imigh leat arís,” arsa an Tiarna liom, “tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n‑iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.”

A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí