Eizicéil 16:26An Bíobla Naofa 1981Mheirdrigh tú fosta leis na hÉigiptigh, do chomharsana drúisiúla; mhéadaigh tú an striapachas le mo ghríosúsa chun feirge. Féach an chaibidil |
Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: “Má scarann fear lena bhean agus go n‑imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.
Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d'imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón.