Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 16:14

An Bíobla Naofa 1981

Craoladh clú do scéimhe ar fud na gciníocha, óir bhí sí foirfe de thairbhe na niamhrachta a bhronn mise ort - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí isteach,

Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí,

As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;

Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”

Chuir mé fáinne ar do shrón, cluasfháinní ar do chluasa agus coróin niamhrach ar do cheann.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo í Iarúsailéim; shuigh mé í i lár na gciníocha agus na dtíortha iasachta máguaird.

Cé a thugann an seasamh ar leith duitse? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí