Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 16:13

An Bíobla Naofa 1981

Mar sin a maisíodh thú le hór agus le hairgead. Ba de líon mín agus de shíoda bróidnéirithe do chuid éadaí; plúr mín, mil agus ola a bhí mar bhia agat. D'éirigh tú an-sciamhach agus tháinig tú in inmhe banríona.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé rath thar cuimse ort, agus déanfaidh mé ciníocha díot agus tiocfaidh ríthe ar do shíol.

Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad. Bhí Dáiví ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.

agus go mbíodh ríthe cumhachtacha i réim in Iarúsailéim agus ceannas acu ar an gcúige thar Eofrataes go léir, agus go ndéanaidís cánacha agus custaim agus táillí a thobhach,

Sé freagra a thug siad orainn: “Searbhóntaí do Dhia neimhe agus talún sinne; tá Teampall á atógáil againn a bhí ina sheasamh mórán blianta go dtí le déanaí; rí mór ar Iosrael a thóg agus a chríochnaigh é.

Nuair a bhí mo chosa á ní le huachtar, Agus ola ina slaoda ó na carraigeacha!

Rinne sé síocháin i do chríocha; agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit.

Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór é i gcathair ár nDé.

As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;

Bheadh lucht fuatha an Tiarna ag lútáil leis; ach bheidís faoi bhroid go brách.

Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b'álainn, mar a mbíodh ár n‑aithreacha do do mholadh, tá sé dóite go talamh le tine, agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios.

“Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dream atá ag teacht anois as an tuaisceart. Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh, an tréad as a ndéanfá mórtas?

Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”

Thug mé éadach bróidnéirithe duit, bróga leathair, filéad lín agus clóca síoda.

Ghlac tú fosta na seoda gleoite óir agus airgid a bhronn mise ort; rinne tú íomhánna daonna leo ionas go meirdreofá ina gcuideachta.

Mar an gcéanna, an t‑arán a thug mé duit, an plúr mín, an ola agus an mhil lenar chothaigh mé thú, d'ofráil tú dóibh iad mar bholadh cumhra - an Tiarna Dia a labhraíonn.

“Níos measa fós, chuir siad fios trí theachtairí ar fhir teacht ó chian agus féach, tháinig siad. Nigh tú thú féin ar a son, dhathaigh tú do shúile, chóirigh tú thú féin le seoda;

Bhí trádáil ag Eadóm leat mar gheall ar iomad d'earraí; dhíolaidís ar do mhargadh carmhogail, corcra, obair bhróidnéirithe, línéadach mín, coiréal agus rúibíní.

nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir di agus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í, agus déanfaidh mé fásach di, agus beidh sí ina talamh tirim, agus maróidh mé í le tart.

tír chruithneachta agus eorna, fíniúna agus figí agus pomagránaití, tír ológ agus ola agus meala,

Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.

Nuair a chonaic sibh Nácháis rí na nAmónach ag teacht do bhur n‑ionsaí, dúirt sibh liom: ‘Ní hea, ní foláir rí a bheith ag rialú orainn,’ cé gurbh é an Tiarna bhur nDia ba rí oraibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí