Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 16:11

An Bíobla Naofa 1981

Sciamhaigh mé thú le hornáidí, le bráisléid thar chaolta do lámh agus slabhra faoi do mhuineál.

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.

Chuir mé ceist uirthi: ‘Cé hé d'athair?’ ‘Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,’ ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha.

Thóg sé amach seoda óir agus airgid agus éadaí agus thug do Ribeacá iad; thug sé ornáidí luachmhara dá deartháir agus dá máthair chomh maith.

Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.

agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl.

A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó.

D'fhreagair Árón: “Bainigí,” ar sé leo, “na fáinní óir de chluasa bhur mban, agus bhur mac, agus bhur n‑iníonacha, agus tugaigí chugam iad.”

Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:

Beidh siadsan mar choróin ghrásta ar do cheann agus mar thorc ar do bhráid.

Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.

Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann, agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.”

Is breá do ghruanna d'ainneoin fáinní cluas, agus do mhuineál d'ainneoin muincí.

Shaobh tú mo chiall, a shiúr, a bhrídeach, shaobh tú mo chiall, le silleadh ó shúil leat, le haon seoid de do chuibhreach brád.

An lá sin, coróin ghlóire a bheidh i dTiarna na Slua, mionn ríoga álainn i gcomhair fuílleach a phobail;

bráisléid, caillí, filléid,

Tá an choróin tar éis titim dár gceann; is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.

Ghlac tú fosta na seoda gleoite óir agus airgid a bhronn mise ort; rinne tú íomhánna daonna leo ionas go meirdreofá ina gcuideachta.

“Níos measa fós, chuir siad fios trí theachtairí ar fhir teacht ó chian agus féach, tháinig siad. Nigh tú thú féin ar a son, dhathaigh tú do shúile, chóirigh tú thú féin le seoda;

Bhí ragairne an chomhluadair léi le cloisteáil os ard mar gheall ar an daoscar a tugadh isteach ón fhásach; chuir siad braisléid ar chaolta láimhe na mban agus corónacha breátha ar a gcinn.

Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán, lena féilte agus lena réanna nua, lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir

Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Thugamar dá bhrí sin mar ofráil don Tiarna na seoda óir a fuaireamar - slabhraí rí agus géag, fáinní, cluasáin, agus dealga - chun go ndéanfaí gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar ár son i láthair an Tiarna.”

Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.

Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá:

Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.

Dúirt Gideón leo: “Tá achainí agam oraibh; tugadh gach duine agaibh na fáinní as a chreach dom” - bhí fáinní óir á gcaitheamh ag an dream a cloíodh mar ba Ísméiligh iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí