Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air.
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
Mar sin a maisíodh thú le hór agus le hairgead. Ba de líon mín agus de shíoda bróidnéirithe do chuid éadaí; plúr mín, mil agus ola a bhí mar bhia agat. D'éirigh tú an-sciamhach agus tháinig tú in inmhe banríona.
agus fás amhail féar na páirce.’ D'fhás tú, mhéadaigh agus tháinig ann duit; bhí do chíocha cumtha agus do ghruaig fásta, ach bhí tú lom tarnocht go fóill.
Ansin tiocfaidh prionsaí uile na farraige anuas óna ríchathaoireacha, bainfidh sibh díobh a gclócaí, cuirfidh uathu a n‑éide bhróidnéirithe. Gléasfaidh siad iad féin agus scanradh orthu; suífidh siad ar an talamh ag crith gan stad, agus uafás orthu mar gheall ortsa.
Bhí trádáil ag Eadóm leat mar gheall ar iomad d'earraí; dhíolaidís ar do mhargadh carmhogail, corcra, obair bhróidnéirithe, línéadach mín, coiréal agus rúibíní.
Ach dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,
lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair;
Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.