Mura dtaitníonn sí lena máistir a d'áirithigh dó féin í, ansin ligfidh sé í a fhuascailt; ní bheidh aon cheart aige í a dhíol le pobal deoranta, mar go raibh sé mídhílis di.
Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,
Leathfaidh mé m'eangach thairis agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogaill; tabharfaidh mé liom chuig an Bhablóin é agus gearrfaidh mé pionós air ansin mar gheall ar an bhfeall a d'imir sé orm.
Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”
Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.