Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.
Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.
óir is tusa ár n‑athair, cé nach n‑aithníonn Abrahám sinn agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó. Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.
Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.
Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.
Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna: Na fáithe a dhéanann tairngreacht i m'ainmse agus nach mé a chuir uaim iad, agus fós go n‑abrann siad libh, nach mbeidh claíomh ná gorta sa tír seo: is le claíomh agus le gorta a thitfidh na fáithe céanna seo.
Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu - a deir an Tiarna.”
Sínfidh mé mo lámh i gcoinne fáithe na bhfíseanna baotha agus na dtairngreachtaí bréige. Ní bheidh áit acu ar ardchomhairle mo phobail, ní chlárófar iad ar rolla mhuintir Iosrael, ní leagfaidh siad cos ar thalamh Iosrael, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna Dia.
Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, d'fhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu.
Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.
Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: ‘Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.’ Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.