Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 14:4

An Bíobla Naofa 1981

Dá bhrí sin, labhair leo; abair seo leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cibé fear de mhuintir Iosrael a bhfuil a chroí istigh sna híola atá aige agus a bhreathnaíonn le taitneamh ar bhunchúis a urchóide agus a thagann ina dhiaidh sin chuig an bhfáidh, gheobhaidh sé freagra uaimse, an Tiarna, mar gheall ar iomad a íol’,

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón - (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) - uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”

Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.”

Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.

“A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n‑urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith?

“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n‑íola agus tréigigí bhur n‑imeachtaí gránna uile.

Cibé fear de mhuintir Iosrael - nó de na coimhthígh atá ag cur fúthu in Iosrael - a thugann cúl liomsa, a ghlacann chuige féin ina chroí istigh na híola atá aige, a shuíonn bunchúis a urchóide os a chomhair amach agus a thagann ina dhiaidhsean chuig fáidh ag cur mo thuairisce, freagróidh mise, an Tiarna, é de mo dheoin féin.

Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad.

Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, imigh chuig muintir Iosrael agus labhair mo bhriathra leo.

De bhrí gur fhreastail siad orthu os comhair a n‑íol agus gur cheap tuisle peaca iad do mhuintir Iosrael, dá bhrí sin mhionnaigh mé ina n‑aghaidh - an Tiarna Dia a labhraíonn - go n‑iompróidh siad ualach a bpeaca.

Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch; scriosfaidh mé éanlaith an aeir agus éisc na farraige (agus gach ábhar scannail agus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc) agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúil de dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí