dá mbeadh fiú an triúr seo ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin agus bhánófaí an talamh.
Sin mar a bhí nuair a scrios Dia cathracha an ghleanna agus gur chuimhnigh sé ar Abrahám agus gur shaor sé Lót ón díothú nuair a dhíothaigh sé na cathracha mar ar chónaigh Lót.
dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.
dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.
An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t‑athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid.
Abair leo: ‘Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n‑iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?’
agus dúirt sé liom: ‘Ná bíodh eagla ort, a Phóil, mar ní foláir duitse seasamh os comhair Chéasair, agus a bhfuil de dhaoine ag taisteal leat, féach, tá siad bronnta suas ort ag Dia.’
Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.