Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 13:20

An Bíobla Naofa 1981

“Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is beag orm bhur rufaí lena dtóraíonn sibh na hanamacha (amhail éanlaith); réabfaidh mé ó chaolta bhur lámh iad agus fuasclóidh mé na hanamacha a thóraíonn sibh amhail éanlaith.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na mná a fhuann rufaí ar an uile chaol láimhe, a dhéanann caillí cinn do chách idir ard agus íseal, chun anamacha a chur i sáinn. An ndéanfaidh sibhse anamacha mo phobail a chur i sáinn agus aire a thabhairt d'anamacha eile ar mhaithe libh féin?

Mhaslaigh sibh mise os comhair mo phobail féin ar son dornáin eorna agus blúirí aráin, á marú siúd nár chóir a mharú agus ag cothú dream nár chóir a chothú, trí bhréaga a insint do mo phobal a dtaitníonn leo éisteacht le bréaga.

Réabfaidh mé bhur gcaillí mar an gcéanna, saorfaidh mé mo phobal uaibh agus ní bheidh siad i ngreim mar chreach agaibh feasta; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí