Eizicéil 13:10An Bíobla Naofa 1981Óir tá mo phobal ar seachrán acu ag fogairt na síochána nuair nach bhfuil aon síocháin ann; tá brat aoil daite ar an mballa acu nuair is balla nua a thógfaidh an pobal. Féach an chaibidil |
Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.