Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 12:7

An Bíobla Naofa 1981

Rinne mé mar a ordaíodh dom. Thug mé mo mhála taistil amach de lá amhail mála taistil deoraí, agus um tráthnóna thochail mé tríd an mballa le mo lámha féin. Chuaigh mé amach sa dorchadas ag iompar mo mhála ar mo ghualainn os a gcomhair.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Dá bhrí sin, a mhic an duine, bailigh leat mála taistil le haghaidh deoraíochta agus imigh leat amach de lá os comhair a súl; rachaidh tú ar deoraíocht ó d'áit féin go háit eile os comhair a súl. B'fhéidir go dtuigfidh siad cé gur dream ceannairceach iad.

Tháinig briathar an Tiarna chugam ar maidin:

“Ach tusa, a mhic an duine, éist lena ndeirim leat; ná bí ceannairceach mar an dream ceannairceach úd; oscail do bhéal agus caith siar a dtugaim duit.”

D'inis mé an scéal sin don phobal ar maidin agus d'éag mo bhean chéile um thráthnóna. Maidin lá arna mhárach chuir mé i gcrích mar a ordaíodh dom.

Thairngir mé mar a dúradh liom agus tháinig an anáil isteach iontu. Bhí siad beo agus d'éirigh siad ina seasamh, slua ábhalmhór acu.

De réir mar a ordaíodh dom, thairngir mé. Agus mé ag tairngreacht bhí tormán, sea, agus gliogarnaíl ann; agus tháinig na cnámha lena chéile.

D'imigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus d'ullmhaigh siad an cháisc.

Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.

“Dá chionn sin, a rí Aigripe, ní dhearna mé neamhshuim den fhís ó neamh,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí