Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 12:22

An Bíobla Naofa 1981

“A mhic an duine, cad é an seanfhocal úd atá agaibh i dtír Iosrael a deir: ‘Éiríonn na laethanta fada agus tagann deireadh le gach fís’?

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.”

na daoine a deir: ‘[Nach bhfuil] sé in am againn tithe a thógáil? Is coire an chathair seo agus is sinne an fheoil.’

Tháinig briathar an Tiarna chugam:

“A mhic an duine, féach, deir muintir Iosrael: ‘An fhís a fheiceann sé tá sí mórán laethanta uainn fós; tairngríonn sé faoi am i bhfad romhainn.’

“Lucht seanfhocla a chur trí chéile inseoidh siad an seanfhocal seo fútsa: Ba dual máthar di.

Tagann tubaiste ar mhullach tubaiste, ráfla ar mhullach ráfla; iarrann siad fís ar an bhfáidh; ach teipeann an dlí ar an sagart agus an chomhairle ar na sinsir.

Sibhse a mheasann an drochlá a chur ar cairde, is ag luathú réim an uafáis chugaibh féin atá sibh!

Féachaigí ar na náisiúin agus breathnaígí orthu, agus bíodh ionadh agus alltacht oraibh. Óir tá obair á déanamh le bhur linn nach gcreidfeadh sibh é dá n‑inseofaí daoibh é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí