Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 12:11

An Bíobla Naofa 1981

Abair: ‘Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.’

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.

Chuir siad mic Zidicíá chun báis os a chomhair; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug leo chun na Bablóine é faoi thromgheimhle.

Bailígí bhur gcuid! Imígí libh amach, sibhse atá faoi léigear!

Agus má fhiafraíonn siad díot: ‘Cá rachaimid?’ inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ‘An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!’

Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, (an chuid is boichte den phobal agus) an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.

Dá bhrí sin, a mhic an duine, bailigh leat mála taistil le haghaidh deoraíochta agus imigh leat amach de lá os comhair a súl; rachaidh tú ar deoraíocht ó d'áit féin go háit eile os comhair a súl. B'fhéidir go dtuigfidh siad cé gur dream ceannairceach iad.

Tógfaidh tú an mála taistil ar do ghualainn os a gcomhair agus tabharfaidh tú amach é sa dorchadas. Clúdóidh tú d'aghaidh ionas nach bhfeicfidh tú an talamh; óir rinne mé comhartha díot do mhuintir Iosrael.’ ”

“A mhic an duine, glac chugat bríce agus leag romhat é agus línigh an chathair, Iarúsailéim, air.

Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.

Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt - tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair - óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí