Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 11:21

An Bíobla Naofa 1981

Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.

Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n‑aghaidh i ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad mise chun túis a loscadh do dhéithe eile agus oibreacha a lámh féin a adhradh.

Ansin déarfaidh tú leo: ‘Is ar an ábhar gur thréig bhur n‑aithreacha mé - an Tiarna a labhraíonn - agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n‑adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí.

Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”

Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois; cé a fhéadann é a ransú?

Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.

Ar theacht ansin dóibh ruaigfidh siad glan idir uafáis agus imeachtaí gránna aisti.

“A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n‑urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith?

De bhrí nár chuimhin leat laethanta d'óige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar d'imeachtaí gránna eile?

de bhrí gur dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha, nár shiúil siad de réir mo reachtanna, agus gur thruailligh siad mo shabóidí, óir luigh a gcroí lena n‑íola.

Má ofrálann sibh bhur mbronntanais, má íobraíonn sibh bhur gclann mhac sa tine, agus sibh féin a thruailliú le bhur n‑uile íola go dtí an lá inniu féin, an bhféadaim ligean daoibh dul i gcomhairle liom? Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní rachaidh sibh i gcomhairle liom.

Scagfaidh mé na ceannaircigh as bhur measc, iadsan a d'éirigh amach i mo choinne. Tabharfaidh mé amach iad as an tír ina gcónaíonn siad, ach ní bhainfidh siad tír Iosrael amach; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Anois tá deireadh leat! Scaoilfidh mé le mo fhearg ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.

Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire ach tú a chúiteamh mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.

Ar ball beag doirtfidh mé mo fhearg ort, ídeoidh mé mo chuthach ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.

Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.”

Mairfidh an fíréan seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.”

Is iad sin a dhéanann deighilt, dream saoltach, gan an Spiorad acu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí