Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 11:19

An Bíobla Naofa 1981

Tabharfaidh mé aon chroí amháin dóibh, cuirfidh mé spiorad úr isteach iontu: aistreoidh mé an croí cloiche óna gcorp agus tabharfaidh mé croí feola dóibh,

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d'éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.

Ach bhí lámh Dé ghníomhach in Iúdá, á dtabhairt ar aon chroí le hordú an rí agus a fheidhmeannach a chomhlíonadh, mar a bhí ordaithe ag briathar an Tiarna.

Lig dom an gairdeas agus an t‑áthas a chloisteáil, agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.

Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána; is geall le féithleog iarainn do mhuineál, agus tá clár d'éadain ina phrás.

Tabharfaidh mé croí dóibh le go n‑aithneoidh siad gur mise an Tiarna. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan, óir fillfidh siad orm ó lán a gcroí.

Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?

Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é - an Tiarna a labhraíonn.”

“Is ea, tabharfaidh mé ansin beola glana do na ciníocha chun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna, agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

Rinne siad a gcroíthe chomh dáigh le diamant ar eagla go gcloisfidís an teagasc, agus an teachtaireacht a chuir Tiarna na Slua chucu lena spiorad trí bhéal na bhfáithe a bhí ann fadó. Dá dheasca sin chuir Tiarna na Slua smachtú dian orthu le neart feirge.

Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”

ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m'ainmse, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.

Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.

Níor shéan Dia an pobal a bhí aitheanta aige ó thus mar a phobal féin. An é nach eol daoibh cad é a deir an scrioptúr sa trácht úd ag Éilias agus clann Iosrael á gcásamh aige le Dia:

Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.

Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.

Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.

Is cuma timpeallghearradh, nó gan timpeallghearradh, ach cruthú as an nua.

athnuachan a dhéanamh ar bhur meon agus ar bhur n‑aigne

Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí