Bhí na foirgnimh seo go léir de chlocha luachmhara a snaíodh de réir tomhais agus a gearradh le sábha ar a n‑aghaidh agus ar a gcúl, agus sin ó bhonn go bunlach (agus lasmuigh chomh fada leis an gcúirt mhór).
Le breacadh an tríú lá, tharla toirneacha agus splancanna tintrí ar an sliabh, agus scamall tiubh agus dord an-ard trumpa; agus bhí na daoine go léir sa champa ar crith.
Ag imeacht dóibh, chuala mé fuaim a sciathán amhail coipeadh uiscí, amhail glór an Uilechumhachtaigh, torann clampair amhail torann slua. Ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos,
Nuair a d'ordaigh sé d'fhear an éadaigh lín aibhleoga a ghlacadh ón tine a bhí faoi na rothaí idir na ceiribíní, chuaigh sé isteach agus sheas in aice le roth.