Ar bharr an tseastáin bhí taca, déanamh cruinn air, agus é leathbhanlámh ar airde; ar bharr an tseastáin bhí a theanntaí agus a thrasnáin d'aon phíosa leis.
Sa tríochadú bliain, ar an gcúigiú lá den cheathrú mí, nuair a bhí mé i measc na ndeoraithe ar bhruach na habhann Ceabár, d'oscail na flaithis agus chonaic mé físeanna ó Dhia.
D'éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh.
Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.