Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 10:18

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.

Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin.

D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé, agus néal dubh dorcha faoina chosa.

Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribín agus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe.

Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh.

Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim, ar eagla go n‑iompóinn uait, agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.

Chuir mé thú i gcuideachta ceiribín ungtha choimhdeachta; bhí tú ar shliabh naofa Dé, shiúil tú i measc na n‑aibhleog dearg-the.

bhí tairseacha acu triúr agus fuinneoga laitíse thart timpeall gach ceann acu. Thart faoin tairseach bhí an Teampall painéalta le hadhmad ón urlár go dtí na fuinneoga; ba fhuinneoga laitíse iad.

Féach, tháinig glóir Dhia Iosrael anoir. Tháinig fuaim leis amhail fuaim mhórán uiscí; agus shoilsigh an domhan lena ghlóir.

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”

Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!

D'éirigh a fear ar maidin agus d'oscail doras an tí; ag teacht amach dó le leanúint ar aghaidh ar a aistear, féach! ba shiúd í a bhean luí caite ansiúd ag doras an tí agus a lámha ar an tairseach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí