Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 10:13

An Bíobla Naofa 1981

Chuala mé rothaí rothlaim a thabhairt mar ainm ar na rothaí.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

D'amharc mé ar na hainmhithe: bhí roth ar an talamh le hais gach ainmhí acu, roth amháin le hais gach ainmhí faoi leith den cheathrar.

Bhí a gcoirp agus a ndroimeanna, a lámha agus a sciatháin, agus a rothaí lán de shúile thart timpeall - is é sin na rothaí a bhí ag an gceathrar.

Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann.

Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: “Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám d'aibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.” Isteach leis agus mé ag amharc air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí