Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 1:4

An Bíobla Naofa 1981

D'amharc mé uaim. Bhí stoirm ghaoithe ag séideadh aduaidh, néal mór agus solas uime, tine ag spréacharnach gan stad, agus i lár na tine mar a bheadh prás ag drithliú.

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún.

Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin.

Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna d'aonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shior,” líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna.

D'fhreagair an Tiarna Iób ansin as an anfa gaoithe agus dúirt:

Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost. Gluaisfidh tine chraosach roimhe amach agus anfa gaoithe ina thimpeall.

Thit an clochshneachta agus bhí tintreach tríd gan staonadh i dtreo nach raibh a leithéid de chlochshneachta trom i gcríocha na hÉigipte ó rinneadh naisiún di an chéad lá.

Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.

Fáistine i dtaobh an mhachaire cois na farraige. Gairfean chugainn ar nós séideáin ag scuabadh an deiscirt, ag teacht isteach as an bhfásach, isteach as tír an uafáis

Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe, briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;

Is mar seo a deir Tiarna na Slua: ‘Féach, leathnaíonn an t‑olc ó chine go cine éiríonn anfa mór ó imill imigéiniúla an domhain.’

cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.

Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón; teithigí, ná déanaigí moill! Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart, milleadh mór.

Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.

In airde ó chosúlacht a leasraigh bhí mar a bheadh prás ag drithliú, cosúil le tine faoi iamh mórthimpeall; agus anuas ó chosúlacht a leasraigh chonaic mé mar a bheadh tine agus drithliú mórthimpeall.

Abair leo siúd a dhathaíonn é le haol go dtitfidh sé. Beidh tuile bháistí ann, titfidh clocha móra sneachta, séidfidh stoirm ghaoithe;

Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Scaoilfidh mé stoirm ghaoithe lena réabadh agus fearg orm, scaoilfidh tuile bháistí agus cuthach orm, clocha móra sneachta agus fraoch orm.

Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.

D'amharc mé uaim agus chonaic neach i riocht fir. Síos ó chló a leasraigh bhí tine le feiceáil; agus óna leasrach suas bhí cuma gheal air amhail prás snasta.

Tá carbad na gcapall dubh ag dul go dtí an tuaisceart agus carbad na gcapall bán ag dul go dtí an t‑iarthar agus carbad na gcapall ballach ag dul go dtí an deisceart.”

Óir tine loiscneach is ea ár nDia.

agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuiltí lána.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí